logo
#

Latest news with #Eoraip

An íoróin mhilis gharbh
An íoróin mhilis gharbh

Irish Times

time30-06-2025

  • Politics
  • Irish Times

An íoróin mhilis gharbh

An amhlaidh gur chailleas rud éigin? An amhlaidh nár airíos na ceisteanna sa Dáil agus na leithscéalta ó na tráchtairí eolgaiseacha gaoiseacha sin a mhaígh go gcaithfimis an glas triarach, nó an glas faoi thrí a chaitheamh sa bhosca bruscair, toisc, fan leis, go n-imreodh an Rúis nó an tSín urghaire nó veto ar ár gcuid trúpaí ag dul thar lear ar chúraimí na Náisiún Aontaithe? Ní fhéadfaimis ligean don Rúis ná don tSín ceangal a chur ar Óglaigh na hÉireann dul i mbun dualgas síochána thar lear. Chaithfí deireadh a chur leis an ngeallúint sholmanta a tugadh cheana gurbh ann don ghlas triarach ionas go gcaithfí cead na Náisiún Aontaithe a fháil d'fhonn fir agus mná óga na hÉireann a scaoileadh thall thairis ar dhualgas armtha. Agus, n'fheadar an im chodladh a bhíos, ach léigh mé agus d'airigh mé go bhfuil an Tánaiste/an tAire Gnóthaí Eachtracha i mbun feachtais taidhleoireachta le tíortha an domhain a bhfuil cluasa orthu ionas go leanfaí le UNIFIL, is é sin, misean na Náisiún Aontaithe sa Liobáin agus a bhfuilimid páirteach ann leis na blianta. Ní foláir do na Náisiúin Aontaithe an misean a athnuachan gan mhoill nó tiocfaidh deireadh leis agus fillfidh Arm na hÉireann agus saighdiúirí eile síochána abhaile, imeacht a thaitneodh go mór le hIosrael. Is í íoróin mhilis an chúrsa ná nach iad an Ruis mhallaithe, ná an tSín nach dtuigtear, ná an Bhreatain ár gcomharsana, ná an Fhrainc phoblachtach (mar a déarfá) is róbhaol a chuirfidh an bac orainn, ach ár gcairde daonlathacha i Meiriceá. Samhlaigh é sin! Tá na Stáit Aontaithe ag beartú, de réir an Aire agus an Tánaiste, ar urghaire a chur ar ár gcuid trúpaí páirt a ghlacadh i misean de chuid na Náisiún Aontaithe! Abúbúna! Cá bhfuil siad anois, na tráchtairí, na polaiteoirí, na hiriseoirí nach raibh de phort acu ach nár cheart ligean don Rúis ná don tSín stiúir a bheith acu ar ár gcuid gnóthaí eachtracha? READ MORE Ní argóint í sin, gan amhras, ar son deireadh a chur leis an nglas triarach, óir is dóigh leis an gcuid againn atá glan in aghaidh na tóra chun cogaidh agus leis an méadú ar chaiteachas an bháis seachas na beatha, gur cosaint fós é an glas faoi thrí ar chead a chinn nó ar chead a chlaonta a thabhairt do rialtas ar bith ógánaigh a chur amach ag troid ar son comhghuaillíochtaí eile gur beag é ár nguth iontu agus a n-athróidh a ndílseacht de réir is mar a shéideann an ghaoth. Má chuireann na Stáit Aontaithe, nó an Bhreatain, nó an Fhrainc, nó an tSín, nó an Rúis féin cosc orainn, bíodh sin mar atá. Is é sin toil na Náisiún Aontaithe ar aontaíomar leis; creideamh san eagraíocht lochtach sin an dóchas is fearr fós atá againn. Níl san íoróin áirithe sin ach sampla beag oileánda de na híoróna ar fad atá ag gabháil steallaidh orainn faoi láthair. Netanyahu Iosrael ag maíomh go raibh an Iaráin á buamáil aige chun fuascailt a dhéanamh ar mhná na hIaráine a bhfuil leatrom á dhéanamh orthu. Is fíor go bhfuil leatrom gránna á dhéanamh orthu ag réimeas dian míthrócaireach, ach is deacair sin a shlogadh ó cheannaire rialtais atá i mbun áir agus sléachta ar mhná, ar pháistí (agus ar fhir) na Palaistíne go laethúil fad is atá seo á scríobh agus á léamh. Is féidir na híoróna seo ar fad a iomadú go heireaball timpeall sa saol ina mairimid ann ach ó am go chéile caithfear an scáthán a thabhairt amach is na focail a dúradh a shoilsiú suas is anuas lena bhfuil á dhéanamh.

Sceilpíní gabhair
Sceilpíní gabhair

Irish Times

time23-06-2025

  • Science
  • Irish Times

Sceilpíní gabhair

Uair éigin i lár an naoú haois déag gabhadh falcóg mhór ar Stac an Armain, carraig oileánda gar do Hiort daichead míle amach ó chósta thiar na hAlban. Tá cuimhne faoi leith uirthi toisc gurbh í an ceann deiridh ar domhan í, cé nár chuir sin aon mhairg ar lucht a gabhála. Is amhlaidh gur cuireadh ar a triail í toisc gur ceapadh gurbh í faoi dear asarlaíochta ina bhfuair daoine bás, agus chuige sin daoradh í. Ar mhaithe na ndaoine sin nach n-aithneodh an difear idir an ostrais agus an spideog is é atá san fhalcóg mhór cineál éin nach raibh eitilt aici ach a raibh dealramh rud éigin idir piongain agus faoileán uirthi. Níorbh aon nuacht é go gcuirfí triail ar ainmhithe éagsúla san Eoraip le linn na meánaoiseanna déanacha, agus b'í an mhuc bhocht an té ba choitianta ar a leagtaí an milleán. Bhíodh abhcóidí ann ar a son agus ina gcoinne, agus b'fhéidir go scaoilfí cuid acu saor. Tharla sin d'asal sa bhFrainc ach cuireadh pionós daorsclábhaíochta air ina ionad sin. Ba dhóigh leat gur sin an bheatha saoil a bheadh aige ar aon nós. Is é bun a bhí leo go minic ná go gcaithfí milleán a leagadh ar rud éigin, ar dhuine éigin, ar mhuc éigin nuair a tharla tubaist nó anachain nó mírath i bpobal éigin, agus tugann pionósú sásamh don ainmhí duine de cheal aon réitigh eile. Tá sé dona go leor nuair a chuirtear an milleán ar dhuine aonair san éagóir, ach is measa é nuair a shíntear sin don phobal lena mbaineann. Dúradh gurbh í bó Cháit Uí Laoire a thug speach do lóchrann faoi dear do thine mhór Chicago tosnú sa bhliain 1871, tine inar maraíodh trí chéad duine agus gur fágadh céad míle éigin gan díon os a gcionn. Lean an cáineadh sna nuachtáin agus cuireadh ina leith go raibh sí ar meisce ina leaba (toisc gurbh Éireannach í) agus gan a bheith i bhfeighil na bó. Tuigtear anois nach raibh aon bhaint aici ná ag crúb na bó leis an tine, ach níor fhág sin nár cuireadh leis an bhfuath agus leis an eagla a bhí ar chuid den phobal lonnaithe ar mhuintir na hÉireann a bhí ag plódú isteach. READ MORE Nuair a mhínigh saineolaithe na linne gurbh iad corpáin na maighdeana mara a bhí ag lobhadh ar chóstaí na hEorpa ba chúis leis an bPlá Mhór sa cheathru haois déag níor dhein sin aon dochar do na maighdeana mara eile a bhí ina suí ar charraigeacha ag ceol le linn an ama sin. Ach nuair a leathnaigh an bhréag gurbh iad na Giúdaigh ba bhun léi ba ghairid gur thosnaigh an ghéarleanúint, an scrios, an marú agus an díbirt. Tháinig na drochsmaointe sin aníos as poll scodail m'intinne nuair a tharla na léirsithe agus na dóiteáin agus an 'hob amach!' sa Bhaile Meánach an tseachtain cheana. Cúisíodh beirt ógánach as ionsaí gránna mígheanasach gnéis ar an mbaile, agus tharla go raibh gá acu le hateangaire Rómánach sa chúirt. Ba leor sin leis an lasair a chur sa bharrach. Mar a mhínigh bean óg ón mbaile céanna ar déanadh gach saghas brúidiúlachta gnéis uirthi suim bheag blianta roimhe sin, níor eagraíodh aon léirsithe d'aon tsaghas ar a son. A mhalairt, mar ba bhoc mór fear a hionsaithe. De sin, loighic shimplí, réasúnú naíonáin, ní raibh aon bhaint ag an gcúis chúirte le briogáid bhiogóideachta an cheantair dul i mbun oibre. De sin, leis, an loighic shimplí naíonda a bhaineann le gach iarracht ar cheap milleáin a dhéanamh de ghrúpa, bhuíon, chine, aicme seachas den duine féin féinig féineach atá ciontach. Ach cén bhaint atá ag loighic leis nuair atá claonchiníochas sa treis?

DOWNLOAD THE APP

Get Started Now: Download the App

Ready to dive into a world of global content with local flavor? Download Daily8 app today from your preferred app store and start exploring.
app-storeplay-store