logo
#

Latest news with #nGaeilge

"Is pribhléid é a bheith ar taobhlíne" The Sunday Game Beo
"Is pribhléid é a bheith ar taobhlíne" The Sunday Game Beo

RTÉ News​

time18-07-2025

  • Entertainment
  • RTÉ News​

"Is pribhléid é a bheith ar taobhlíne" The Sunday Game Beo

Labhair muid le Gráinne Mc Elwain a bheidh ag cur The Sunday Game Beo i láthair ag Craobh Shinsir Iomána na hÉireann Dé Domhnaigh beag seo. An Domhach beag seo, 20 Iúil imreoidh Corcaigh agus Tiobráid Árann a chéile i gCraobh Shinsir Iomána na hÉireann don chéad uair riamh i stair an CLG. Cuirfidh RTÉ craoladh iomlán telefíse i nGaeilge, Sunday Game Beo ar fáil ón taobhlíne, mar aon le clúdach ar Raidió na Gaeltachta, ar an cluiche iománaíochta arís i mbliana. Is í an craoltóir spóirt aitheanta Gráinne McElwain a chuirfidh an clár teilifíse i láthair le tráchtaireacht ó Gharry Mac Donncha agus Pat Fleury. Is é Damien Ó Dónaill a bheas mar thuairisceoir ar an taobhlíne. Beidh Ciarán O'Hara i mbun léiriúcháin. Labhair muid le Gráinne agus í mbun taighde agus ullmhúchán don lá is mó i bhféilire iomána na hÉireann. Cé gur saineolaí spóirt agus CLG í Gráinne, deir sí go raibh a cuid obair bhaile á dhéanamh aici an tseachtain roimh an gcluiche mór ag cinntiú go raibh sí suas chun dáta ar an dá fhoireann. Pribhléid é a bheith ar an taobhlíne ar lá mór mar seo, a deir Mc Elwain. Ina teannta ar an lá, beidh Michael Rice as iarimreoir le Cill Chainnigh agus John Allen, iarimreoir agus iarchaptaen le Corcaigh. Cé nach raibh Gráinne sásta foireann amháin a roghnú thar fhoireann eile, luaigh sí Patrick Horgan, laoch mór iomána Chorcaí atá ag imirt d'fhoireann na rebeiliúnach le fada an lá ach nach bhfuil bonn Uile-Éireann aige (fós!). Beidh na daoine atá ag féachaint ar an gcluiche sa bhaile ag súil le scoth na hanailíse ar an lá. Chuige sin, tá Mc Elwain gnóthach ag féachaint siar ar chluichí, ag léamh thuairimí iriseoirí agus ag éisteacht le míreanna raidió agus podchraoltaí agus í ag iarraidh an pictiúr mór a thabhairt don lucht féachana chomh maith leis na sonraí beaga, tábhachtacha maidir leis an lá. Meabhraíonn Gráinne go bhfuil cur chun cinn na Gaeilge ar cheann de luachanna an CLG mar eagraíocht agus dár le Gráinne go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh ár gcluichí ársa ar fáil i nGaeilge don lucht leanúna. Cé gur féidir le rudaí athrú go gasta i gcluiche iomána ar bith, chuir Gráinne béim ar mheon an dá fhoirne ar an lá. 'Níl sé cosúil le lá ar bith eile' a deir sí agus beidh brú ollmhór ar na himreoirí dá réir. Tosóidh an craoladh ag 2.55pm agus beidh sé le fáíl ar an RTE Player agus ar chainéal RTÉ News. Tá cainéal RTÉ News ar fáil ar Saorview - cainéal 21; Sky - cainéal 517; Virgin Media - cainéal 200. Tosóidh clúdach Spórt an Lae ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag 2.00pm le Tomás Ó hÁilín mar láithreoir. 'Siad Antoine Ó Conghaile agus Liam Mac an Mhaoir a bheidh i mbun tráchtaireachta.

For the love of learning languages: Joanna Donnelly an Ghaeilge
For the love of learning languages: Joanna Donnelly an Ghaeilge

RTÉ News​

time24-04-2025

  • Climate
  • RTÉ News​

For the love of learning languages: Joanna Donnelly an Ghaeilge

Having signed off from forecasting on our TV screens last week take a look back at what Meteorologist and (former!) RTÉ Weather presenter, Joanna Donnelly wrote about returning to the Irish language in 2021. My husband shakes his head at me. Dhá bhliain ó shin shocraigh mé an pianó a fhoghlaim, agus bhí mé ag seinm tríocha nóiméad sa lá ar a laghad gach lá. Bím ag rith agus ag snámh agus ag déanamh yoga an chuid is mó laethanta agus bím ag rothaíocht chun oibre. Tá triúr páistí agam agus oibrím go lánaimseartha. Agus tá cardigan áran á chniotáil agam do m'iníon. Fuair gach duine eile sa teaghlach geansaí áran anuraidh, mar sin tá sé in am aici ceann a fháil. When I'm not doing all that, I read, I'm working my way through the guardian top 100 books of all time. My favourite place to read is in my garden, Is breá liom bheith ag garraíodóireacht! So when I told Harm I was taking an Irish course he just shook his head and walked away from me. Nuair a bhí mé i mo pháiste ar scoil chuaigh mé go dtí an Ghaeltacht i samhradh na chéad bhliana. Dúirt Peadar O'Ceallaigh linn go mbeimid ag labhairt i nGaeilge tar éis an chéad seachtain, tar éis an dara seachtain beimid ag smaoineamh i nGaeilge agus tar éis an tríú seachtain beimid ag brionglóid i nGaeilge. Agus bhí an ceart aige. Agus chuir sé tús liom ar mo thuras grá don Ghaeilge. Chuaigh mé ar ais bliain i ndiaidh bliana, go Dún na nGall. Thit mé i ngrá leis an gcontae agus thit mé i ngrá leis na buachaillí. That accent, oh boy oh boy. But then I grew up and went and fell in love, for real this time, with a foreigner, a Dutchman. Murab amhlaidh an scéal b'fhéidir go dtógfainn aon leanaí a bhí agam trí Ghaeilge, ach ba é an tosaíocht a bhí againn dár leanaí riamh ná Ollainnis a labhairt agus mar sin thógamar iad go dátheangach, Ollainnis agus Béarla. When I met Harm first I asked him to teach me some Dutch and was struck by some of the similarities in the language. Amárach/Morgen. Coinín/konijn, (random, I know, but they're the ones that always come to mind first). That hard G that isn't present in the English language. Nuair a bhí a céad leanbh, buachaill ag mo dheirfiúr chéile, roghnaigh sí ainm agus dúirt sí liom gur trua nach mbeinn in ann an t-ainm a rá. Go fiosrach, d'fhiafraigh mé cén fáth nach mbeinn in ann é a rá?! Dúirt sí toisc go raibh sé le fuaim chrua G agus nach raibh Sasanaigh in ann an fhuaim chrua g a rá. Ah! Dúirt mé, indignant. Ní Sasanach mise! Is féidir liom ainm nia mo fhir chéile a rá go raibh míle maith agat. So now my children are that little bit more independent and they all speak Dutch just fine, I've been allowing a little more Gaeilge creep back in to my life. It's pottering around in my head. Trying to flex. Like the Tin Man, it's rusted up and unable to make quick retorts. But the little oil I've been dripping in to the cracks over the past few years is starting to make progress. Thosaigh mé cúrsa le Gaelchultúr agus tá grá mór agam dó. Níl mé iontach, ach gach seachtain a fhreastalaím ar an gcúrsa táim ag éirí níos fearr agus níos fearr agus tá na focail ag teacht níos gasta agus níos gasta. Táim chun coinneáil leis. Is mór an spraoi é a bheith á foghlaim, nílim chun éirí as!

DOWNLOAD THE APP

Get Started Now: Download the App

Ready to dive into a world of global content with local flavor? Download Daily8 app today from your preferred app store and start exploring.
app-storeplay-store