logo
#

Latest news with #Éire

Aistear an ealaíontóra
Aistear an ealaíontóra

Irish Times

time07-07-2025

  • Entertainment
  • Irish Times

Aistear an ealaíontóra

Foclóir: ildathach – multi-coloured; bástchóta - waistcoat; flúirse – plenty; mothúchán – feeling; glór inmheánach – internal voice; sólás – solace; suaimhneas – calm. Is ait liom leagan beag picteilíneach den amhránaí David Keenan a fheiceáil idir cnaipí an fhísghlaoigh. Tá rud éicint faoin amhránaí atá as alt leis an teicneolaíocht seo. Ach is léir go bhfuil sé ar a chompord ina chistin gheal ildathach agus bástchóta cniotáilte air. 'Táim sách insular,' a deir sé agus muid ag labhairt ar ghréasán ceoil na hÉireann. 'Táim i mo chónaí i gCill Cheannaigh, like! Ach táim an-bhródúil as an sruth Éireannach a ritheann tríd mo scríbhneoireacht.' Scríbhneoir a bhfuil flúirse ar a pheann is ea é. Tá trí albam, chomh maith le dornán singlí, leabhar filíochta, agus clár faisnéise taifeadta aige ó bhí 2020 ann. Chuir sé iontas orm, mar sin, gur bhraith sé go raibh srian air go dtí seo. 'Bhí mé dúnta síos ar bhealach. Ach tá fuinneamh nua san albam nua. Tá draíocht ag baint leis - draíocht sa gceol, mistéir sa gceol – tá sé difriúil an uair seo. Níl an brú céanna ann, an bhfuil a fhios agat?' Ní rún é gur iomaí brú a bhíonn ar ealaíontóirí an lae inniu – costas maireachtála, athruithe teicneolaíochta agus cumarsáide, gnéithe dá saol nach soláthraíonn struchtúr laethúil ná buanseasmhacht - ach is léir go raibh brú inmheánach ag luí air freisin. 'Bhí mé i m'fhear óg nuair a tháinig an chéad albam amach. Ní raibh a fhios agam conas a bheith socair ag an am sin. Bhí mé plúchta ag an mothúchán sin – that you might miss the boat! – go gcaithfidh tú gach rud a chur amach láithreach. 'Tá contúirt ann nuair a dhéanann tú gach rud i d'aonar – ag tour-áil, margaíocht, taifeadadh, gan bhainisteoir, gan léiritheoir – contúirt go mbeidh tú dóite amach. B'shin an riocht ina raibh mé.' I ndiaidh trí albam a thaifeadadh laistigh de thrí bliana, seo an tréimhse ab fhaide ar chaith sé gan ceann a thabhairt ar an saol, ó eisíodh Crude in 2022. 'I mo thuairim táim anseo chun ceol a dhéanamh, scríbhneoireacht a dhéanamh, ach thosaigh mé an t-albam seo trí bliana ó shin - trí bliana ag fás! Tá an chothromaíocht tábhachtach. Is duine mé a bhíonn obsessive, mar sin caithfidh mé a bheith cúramach . . .' Ní albam amháin atá idir lámha aige, ach clár faisnéise freisin. Leanann Focla ar Chanbhás tréimhse 500 lá dá shaol. Filleann an scannán ar a bhaile dúchais i nDún Dealgán, le stair agus miotaseolaíocht na háite a fhiosrú, chomh maith lena stair agus próiseas cruthaitheach féin. 'Mar a deirim sa scannán, bhí mé ag éalú ó mo chuid mothúchán, le deoch, le ceol, ó mhothúcháin a bhí ann ó bhí mé i mo pháiste. Bhí gach rud bunoscionn, fuair cara a bhí sa mbanna liom bás. Nuair a bhíonn na ceolchoirmeacha críochnaithe agus tú ar ais i seomra i d'aonar - tá sé contúirteach.' Ruaigeann sé leochaileacht an nóiméid seo le racht gáirí – 'tá sé ar fad ar an albam nua!' a deir sé, lámha san aer – 'ach no, tá an t-ádh orm na rudaí seo a chur síos ar albam.' Is léir go raibh tionchar ag próiseas taifeadta an scannáin ar a mheon maidir leis an albam úr seo a scríobh. 'Bhí sé crua in áiteanna, mar gheall ar an macántacht a bhí ann, bhí sé deacair ach bhí an t-ádh orm é a dhéanamh. Mothaím níos éadroime ina dhiaidh.' Ní foláir go bhfuil sé dian ar cheoltóir a ghlór a chailleadh, glór inmheánach go fiú. Céard a bhíonn ag teastáil leis an nglór sin a chothú an athuair? 'An leigheas atá sa gceol, agus na sound heads in aice liom. Caint faoin ngortú agus dorchadas. Bhí mé in ann é a chur in amhráin roimhe seo ach ní raibh mé in ann caint mar atáim anois. Bhí náire ann. Mar a deirim bhí sé crua, bhí sé deacair, ar feadh cúpla bliain, ach tá mé fós beo. Tá banna ceoil nua den scoth agam, tá an scannán ar siúl i mBéal Feirste an mhí seo, tá an t-ádh orm, big time.' Tá rómánsaíocht ag baint le stíl Keenan, a thagann leis an rómánsaíocht chultúrtha atá le feiceáil go forleathan le tamall anuas. Lasann rud éicint ann nuair a ardaím an cheist: 'tá teoiric agam faoi seo!' Leagtar cupán caife leis an splanc seo, ach leanann sé á míniú agus an bord á ghlanadh. 'Tá sé cosúil, má bhrathnaíonn tú siar, leis an réabhlóid tionsclaíochta sna 1800idí. Le AI anois, tá imní ar dhaoine. Tá muid ag dul ar ais mar sin ar 'the rise of the occult', ar seances agus ar an miotaseolaíocht, athbheochan na Gaeilge, agus an béaloideas.' Tá ceist na hinteachta saorga á hardú arís agus arís eile i gcomhráite faoin ealaín, ar ndóigh. Tá éiginnteacht maidir lena buntáistí agus go deimhin a baol cultúrtha. Ní mór an meas atá ag David ar an intleacht shaorga: 'caimiléireacht atá ann! Caith aon rud isteach i ChatGPT agus tá scéal agat. Tá muid ceangailte le traidisiúin: na baird, scéalaíocht, seanchas, mar sin AI? No. I'm not having it! Níl aon anam sa bpróiseas sin. Níl aon streachailt ann.' Luann sé go bhfuil aontais bunaithe ag aisteoirí agus scríbhneoirí, agus gur chóir do cheoltóirí amhlaidh a dhéanamh. 'Caithfidh muid rud éigin a dhéanamh anois, beidh sé ar fud na háite i gceann cúpla bliain.' Spás nach féidir leis an intleacht shaorga a líonadh is dócha ná ceolchoirmeacha, ach fiú sna spásanna sin is é an comhluadar, agus comhráite daonna a chothaíonn an t-anam. 'Tráth den saol bhí na gigeanna ar an rud is tábhachtaí, ach tá sé sin difriúil anois freisin. Tá mé níos ciúine. Tá suim agam i ngach rud. Tá mé beo. Tá suim agam sa chomhrá seo, tá suim agam i ngach rud.' Is léir dom ón bhfreagra seo go bhfuil suaimhneas as an nua aimsithe ag David. Tá solas agus sólás le brath uaidh, agus ón gceol nua atá le teacht. Aistear a bhí ann, is léir, ach is cosúil gur ar bhóthar a leasa atá sé anois. 'Thosaigh mé ag ól nuair a bhí mé 13 bliana d'aois. Ag amanna éagsúla bhí mo shaol lán leis an eachtraíocht. Ar feadh cúpla bliain bhí mé sa dorchadas. Agus bhí mé i gcónaí ag obair - fós ag cur amhrán amach - ach bhí mé plódaithe le heagla agus le gortú. Tá sé difriúil inniu, agus mar gheall air sin, mothaím . . . loosey goosey!' Seanscéal nó teacht in inmhe i saol an ealaíontóra atá ann ar bhealach. An tuiscint nó ciall a thagann le haois, nach gá fulaingt don cheird. 'Cheap mé go raibh ort a bheith trom agus dáiríre le bheith i d'ealaíontóir 'ceart', ach is a mhalairt atá fíor, sin atá foghlamtha agam!'

An íoróin mhilis gharbh
An íoróin mhilis gharbh

Irish Times

time30-06-2025

  • Politics
  • Irish Times

An íoróin mhilis gharbh

An amhlaidh gur chailleas rud éigin? An amhlaidh nár airíos na ceisteanna sa Dáil agus na leithscéalta ó na tráchtairí eolgaiseacha gaoiseacha sin a mhaígh go gcaithfimis an glas triarach, nó an glas faoi thrí a chaitheamh sa bhosca bruscair, toisc, fan leis, go n-imreodh an Rúis nó an tSín urghaire nó veto ar ár gcuid trúpaí ag dul thar lear ar chúraimí na Náisiún Aontaithe? Ní fhéadfaimis ligean don Rúis ná don tSín ceangal a chur ar Óglaigh na hÉireann dul i mbun dualgas síochána thar lear. Chaithfí deireadh a chur leis an ngeallúint sholmanta a tugadh cheana gurbh ann don ghlas triarach ionas go gcaithfí cead na Náisiún Aontaithe a fháil d'fhonn fir agus mná óga na hÉireann a scaoileadh thall thairis ar dhualgas armtha. Agus, n'fheadar an im chodladh a bhíos, ach léigh mé agus d'airigh mé go bhfuil an Tánaiste/an tAire Gnóthaí Eachtracha i mbun feachtais taidhleoireachta le tíortha an domhain a bhfuil cluasa orthu ionas go leanfaí le UNIFIL, is é sin, misean na Náisiún Aontaithe sa Liobáin agus a bhfuilimid páirteach ann leis na blianta. Ní foláir do na Náisiúin Aontaithe an misean a athnuachan gan mhoill nó tiocfaidh deireadh leis agus fillfidh Arm na hÉireann agus saighdiúirí eile síochána abhaile, imeacht a thaitneodh go mór le hIosrael. Is í íoróin mhilis an chúrsa ná nach iad an Ruis mhallaithe, ná an tSín nach dtuigtear, ná an Bhreatain ár gcomharsana, ná an Fhrainc phoblachtach (mar a déarfá) is róbhaol a chuirfidh an bac orainn, ach ár gcairde daonlathacha i Meiriceá. Samhlaigh é sin! Tá na Stáit Aontaithe ag beartú, de réir an Aire agus an Tánaiste, ar urghaire a chur ar ár gcuid trúpaí páirt a ghlacadh i misean de chuid na Náisiún Aontaithe! Abúbúna! Cá bhfuil siad anois, na tráchtairí, na polaiteoirí, na hiriseoirí nach raibh de phort acu ach nár cheart ligean don Rúis ná don tSín stiúir a bheith acu ar ár gcuid gnóthaí eachtracha? READ MORE Ní argóint í sin, gan amhras, ar son deireadh a chur leis an nglas triarach, óir is dóigh leis an gcuid againn atá glan in aghaidh na tóra chun cogaidh agus leis an méadú ar chaiteachas an bháis seachas na beatha, gur cosaint fós é an glas faoi thrí ar chead a chinn nó ar chead a chlaonta a thabhairt do rialtas ar bith ógánaigh a chur amach ag troid ar son comhghuaillíochtaí eile gur beag é ár nguth iontu agus a n-athróidh a ndílseacht de réir is mar a shéideann an ghaoth. Má chuireann na Stáit Aontaithe, nó an Bhreatain, nó an Fhrainc, nó an tSín, nó an Rúis féin cosc orainn, bíodh sin mar atá. Is é sin toil na Náisiún Aontaithe ar aontaíomar leis; creideamh san eagraíocht lochtach sin an dóchas is fearr fós atá againn. Níl san íoróin áirithe sin ach sampla beag oileánda de na híoróna ar fad atá ag gabháil steallaidh orainn faoi láthair. Netanyahu Iosrael ag maíomh go raibh an Iaráin á buamáil aige chun fuascailt a dhéanamh ar mhná na hIaráine a bhfuil leatrom á dhéanamh orthu. Is fíor go bhfuil leatrom gránna á dhéanamh orthu ag réimeas dian míthrócaireach, ach is deacair sin a shlogadh ó cheannaire rialtais atá i mbun áir agus sléachta ar mhná, ar pháistí (agus ar fhir) na Palaistíne go laethúil fad is atá seo á scríobh agus á léamh. Is féidir na híoróna seo ar fad a iomadú go heireaball timpeall sa saol ina mairimid ann ach ó am go chéile caithfear an scáthán a thabhairt amach is na focail a dúradh a shoilsiú suas is anuas lena bhfuil á dhéanamh.

An aimsir láithreach
An aimsir láithreach

Irish Times

time16-06-2025

  • General
  • Irish Times

An aimsir láithreach

Is í an tréimhse is deacra labhairt nó scríobh faoi ag am ar bith ná an aimsir láithreach anois díreach. Tá sé deacair go leor trácht ar an aimsir chaite, mar cé go bhfuil sí, mar a déarfá, caite, tá teorainn lena bhfuil d'fhianaise ina taobh, ar a laghad go teoiriciúil. Is fusa labhairt ar an aimsir fháistineach óir is féidir leat rud ar bith a rá ina taobh agus tá seans go mbeidh an ceart agat, go háirithe má tá tú doiléir go leor ar nós Nostradamus agus Colm Cille. Ach guairneán gaoithe, séideán bruithne, cathair ghríobháin is ea an aimsir láithreach atá ag athrú ar luas an tsolais, táimid istigh ina lúba gan aon doras amach seachas an aimsir féin a bhfuil dalladh púicín uirthi. Fairis sin, tá níos mó eolais, chomh maith le heolas nach eolas é in aon chor, á scaipeadh agus á chraobhscaoileadh ar ala an tsoicind ionas nach féidir leis an intinn dhaonna greim a choimeád air. Tá leabhar ag an bhfealsamh nó ag an tráchtaire Iodálach Roberto Calasso a bhfuil The Unnameable Present air i mBéarla ina ndéanann sé iarracht ar shloinne a chur ar a bhfuil ar siúl timpeall orainn faoi láthair. Baineann cuid mhór den leabhar, áfach, le hathnuachan Ioslaim agus leis an tslí ar bhain cultúr saolta an Iarthair an bonn de, go háirithe an phornagrafaíocht agus an saibhreas thar tomhas. De sin, fíoch an tsaoil Mhoslaimigh i gcoinne 'an iarthair', bíodh gur dóigh liom féin gur mhó a bhaineann sin le coilíneachas leanúnach agus le tacaíocht Mheiriceá do dheachtóirí lofa i dtíortha na nArabach. Bhí leabhar ag Bryan Appleyard, ach tá breis agus tríocha bliain ó shin anois ann, a raibh Understanding the Present mar theideal air, ach is mar ar ghabh an eolaíocht i bhfeidhm orainn is mó is ábhar dó, agus ar éigean go raibh géarchéim na héiceolaíochta ar an gclár an uair úd. READ MORE Dá ainneoin sin, is aoibhinn liom leabhair a bhíonn ag iarraidh scéal mór ár linne a insint is a chiallú, an eachtra dhána, an dearcadh leathan, an radharc ó thaobh na dtaobhanna seachas an duine lag ina chúlóg leithleasach ag grinneadh go ceathrúshúileach ar lúidín a choise bige féin. Is mó sin tráchtaire a chuir a bhundún amach ag iarraidh breith ar luaineacht na linne. Ach an oiread leis an duine a ghliúcaíonn amach trí pholl eochrach tuisceana amháin, níl ag aon mhórfhealsamh machnaimh ná pápa polaiticiúil ná claonbhreitheamh creidimh ar bith ach a dhá shúil féin agus pé spúnóigín meabhrach a deonaíodh dó. Ba theideal oiriúnach é The Age of Empire ar leabhar Eric Hobsbawm ar an tréimhse 1875-1914 mar is idir na lúibíní ama sin is mó a sheas glóir-réim na n-impireachtaí Eorpacha ar scornach na ndonán bochta ar fud an domhain. Teideal maith, ach gan a bheith cruinn beacht mar bhí impireachtaí eile scuabtha leo agus cinn eile ar tí a saolaithe ag an am. Maidir le lorgaireacht na lipéad, mar sin, cad is féidir a thabhairt ar an aois, ar an am seo a mairimid inti? B'fhurasta Aois na hImpireachta a ghairm uirthi fós, ach tá Sasana agus an Fhrainc slogtha isteach iontu féin de cheal fodair chogaidh thar lear, tá an Rúis leonta in ainneoin a gothaí concais, agus ní heol d'aon duine ó sheachtain go seachtain cad tá ar siúl ag an impireacht is mó dá raibh riamh ann, impireacht Stát Aontaithe Mheiriceá. Idir an dá linn tá madraí allta an chogaidh scaoilte den iall ag Iosrael arís agus croí an tseandomhain ar crith nuair nach bhfeadair aon duine cad í an chéad chéim eile. B'fhearr gan aon ainm a chur ar an aimsir láithreach, go fóill.

An féidir linn? Braitheann sé…
An féidir linn? Braitheann sé…

Irish Times

time09-06-2025

  • Politics
  • Irish Times

An féidir linn? Braitheann sé…

FOCLÓIR: Óráid – speech; camchuairt – tuar; caipitlíoch – capitalist; loiceadh – failure; flaithiúnas – sovereigny; ligthe i ndísc – drained away; glas triarach – triple lock. Coicís nó mar sin ó shin rinneadh mionchomóradh ar an óráid a rinne Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Barack Obama, agus é ar camchuairt go hÉirinn in 2011. Agus é ina sheasamh os comhair slua lústrach súilghléineach ar Shráid an Dáma, labhair Obama go cumhachtach faoi na ceangail láidre stairiúla atá idir an dá thír. Rinne sé cur síos ar thionchar na nÉireannach ar stair na Stát Aontaithe, 'sínithe Éireannacha atá ar ár gcáipéisí bunaidh, fuil Éireannach a doirteadh ar ár machairí catha, le hallas Éireannach a tógadh ár gcathracha móra.' READ MORE Lena cheart a thabhairt dó, ní raibh caill ar bith air mar óráid. Mar sin féin, níor luadh, ar chúis éicint, an pháirt a bhí ag Éireannaigh i ndíothú na ndúchasach óna gcríocha i Meiriceá Thuaidh (théis an tsaoil, deirtear go ndearna an ginearál Gael-Mheiriceánach Phil Sheridan, a bhí i gceannas ar Arm Stáit Aontaithe Mheiriceá, an ráiteas a thug bunús don mana cáiliúil 'The only good Indian is a dead Indian'). Níor luadh an ciníochas a d'eascair as an gcoilíneachas agus as an gcóras caipitlíoch thall ach an oiread, ach is dócha nárbh é sin an cineál cruinnithe a bhí ann. Chríochnaigh Obama a óráid dheisbhéalach le haistriúchán Gaeilge ar a mhana cáiliúil pearsanta - 'Is féidir linn' – é ag tabhairt le fios nach bhfuil dúshlán ar bith nach féidir a fhreagairt nó a shárú. Bailíonn brobh beart mar a deirtear, agus le cur chuige nó le dearcadh dearfach mar sin, cá bhfios cén feabhas a d'fhéadfaí a chur ar chúrsaí. Ar ndóigh, bhí tuiscint sa tír le tamall maith roimhe sin ar an bpraiseach a rinne na páirtithe móra le linn ré an Tíogair Cheiltigh, ar an drabhlás, an díobhlás, agus an loiceadh tubaisteach a rinneadh ar an bpobal agus a chuir flaithiúnas na tíre ar ceal. Bhí glactha leis nach bhféadfaí na botúin chéanna a dhéanamh in athuair agus mar a thug Obama le fios, d'fhéadfaí athruithe móra a chur i gcrích ach an toil a bheith ann. Ach léim ar aghaidh ceithre bliana déag ón lá ar sheas Obama ar ardán Fhaiche an Choláiste agus pé tobar a líonadh leis an spiorad a bhí san aer an lá sin, tá cuid mhór de ligthe i ndísc ó shin. In ainneoin na ngeallúintí a lean an teip eacnamaíoch agus géarchéim an bhoilscithe tithíochta in 2008, agus in ainneoin an rabhaidh go raibh orainn ár bhfoinsí cánacha a leathnú chun díobháil a sheachaint arís, an féidir a rá gur foghlaimíodh ceacht ar bith? Mórscéil nuachta Ar dhá mhórscéal nuachta le gairid tá an ghéarchéim tithíochta agus an fonn atá ar an Rialtas fáil réidh leis an Glas Triarach. Tá an ghéarchéim tithíochta imithe in olcas, tá an óige fós faoi shrathair an mhargaidh agus ní acmhainn dóibh tithe a cheannach nó díol cíosa a íoc. Is léir go bhfuil drogall ar an Stát tithíocht a thógáil mar a rinne sna blianta a d'imigh thart agus is faoin margadh is mó a fhágtar an dualgas sin anois. Tá an ghéarchéim teangeolaíochta á fadú agus á luathú ag an ngéarchéim tithíochta céanna. Is minic a bhíonn tithe cónaithe á gceannach agus á n-úsáid sna ceantair Ghaeltachta mar thithe saoire nó ag lonnaitheoirí nua a bhfuil an Béarla mar theanga labhartha acu. Má bhreathnaítear ar chás na Breataine Bige, bhí géarchéim den chineál céanna ansin. Cosúil le cás na tíre seo, mhéadaigh líon na dtithe saoire praghsanna na dtithe go mór agus níorbh acmhainn do mhuintir na háite iad a cheannach. Fágadh folamh sa gheimhreadh iad agus líonadh le Béarla sa samhradh iad, rud a chuir an Bhreatnais – Cymraeg – go mór faoi bhrú sna ceantair thuaithe sin, mar a tharlaíonn leis an nGaeilge anseo. Uachtarán Sát Aontaithe Mheiriceá, Barack Obama, i mBaile Átha Cliath. Grianghraph: Eric Luke/The Irish Times Ach dhá bhliain ó shin glacadh cinneadh cead a thabhairt do chomhairlí contae cáin a ghearradh ar úinéirí tithe saoire. Tugadh cead do na húdaráis áitiúla méadú 300 faoin gcéad ar an ngnáthráta cánach a ghearradh agus cuireadh deireadh leis an gcead a bhí ag úinéirí a dtithe a chlárú mar ghnó, rud go dtí sin a lig dóibh cíos ard gearrthéarmach a ghearradh. De réir alt a foilsíodh sa nuachtán The Guardian le déanaí, spréach nuachtáin ar nós an Express agus an Telegraph mar gur thit luach na dtithe saoire de thoradh na cánach. De réir an ailt, d'ardaigh comhairle Gwynedd an cháin ar thithe saoire go 150 faoin gcéad den ghnáthráta i mí Aibreáin 2023 agus de réir mar a thosaigh úinéirí na dtithe saoire á ndíol, faoi dheireadh 2024, bhí praghsanna tar éis titim 12.4 faoin gcéad. Tharla an rud céanna in Sir Penfro, áit ar thit praghsanna na dtithe faoi 8.9 faoin gcéad tar éis don chomhairle áitiúil an cháin a ardú. Is léir mar sin cén freagra a tugadh sa Bhreatain Bheag nuair a cuireadh an cheist, 'An féidir linn rud éicint a dhéanamh faoin ngéarchéim tithíochta agus teangeolaíochta seo'! Ach in Éirinn, seachas 'Is féidir linn' a rá agus réitigh nuálacha ar nós sin, nó ar nós cearta cómhargála do thionóntaí agus do mhorgáisteoirí a fhiosrú, is ar leasú ar chriosanna brú cíosa atáthar ag caint. . Má bhreathnaítear ar chás na Breataine Bige, bhí géarchéim den chineál céanna ansin…ach dhá bhliain ó shin glacadh le cinneadh cead a thabhairt do chomhairlí contae cáin a ghearradh ar úinéirí tithe saoire. An Glas Triarach Tuairiscítear go dteastaíonn ón Rialtas moltaí a chur i gcrích roimh bhriseadh samhraidh na Dála chun an glas triarach a chur ar ceal. Cuireadh an córas i bhfeidhm in 2001 tar éis don phobal vótáil i gcoinne reifreann Nice. Tá sé mar fheidhm aige a chinntiú nach gcuirtear ár gcuid fear agus ban óg sa bhearna bhaoil gan cead an rialtais, cead na Dála agus cead na Náisiún Aontaithe. Tá sé mar aidhm ag an Rialtas anois coscán Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a bhaint as an áireamh. Dar leo siúd atá ar son an athraithe nach bhfuil 'baol dá laghad' ann go ndéanfadh an leasú creimeadh ar bith ar pholasaí neodrachta míleata na tíre. Aithníodh in 2001 nár bheag an bhuairt a bhí ar phobal na tíre seo go ndéanfadh Conradh Nice creimeadh ar neodracht na hÉireann agus go mbeadh ballraíocht in Arm Eorpach mar thoradh críochnúil air. Ach beagnach 25 bliain níos déanaí, nuair a chuirtear an cheist: an féidir linn an glas triarach a chur ar ceal gan reifreann? 'Is féidir linn', a thugtar mar fhreagra. Mar atá feicthe againn i gcás na tithíochta agus i gcás lagú an Bhille um Chríocha faoi Fhorghabháil le gairid, ní léirítear an díogras nó an dúthracht sin i gcónaí. Is minicí a chloistear 'Ní féidir linn' mar fhreagra ar na ceisteanna úd. 'Is tír bheag muid agus níl mórán gur féidir linn a dhéanamh', nó, 'luíonn inniúlacht an pholasaí áirithe sin leis an Eoraip', seachas leis an rialtas atá tofa ag na daoine. Nuair a fhéachann muid go humhal ar thionscadal mór na síochána, mar a tugadh ar an AE tráth dá raibh, tá iarracht mhór mhíleataithe ar bun anois le hairm á dtógáil ar bhonn tionsclaíoch. Agus cogadh ag bagairt san Eoraip, má bhaintear coscán na Náisiún Aontaithe anois, nach bhfuil baol ann go nglacfar céimeanna eile arís i dtreo an mhíleatachais? Anuas ar sin, tá páirtithe antoisceacha na heite deise á múscailt, ag fás, agus ag treisiú lá i ndiaidh lae. Má éiríonn leo dul chun cinn eile a dhéanamh sa Ghearmáin, sa Fhrainc nó sa Pholainn, ní fada go mbeidh móramh acu san Aontas Eorpach. Nuair a bhuailfear an cnag ar dhoras Theach Laighean ansin, agus nuair a chuirfear an cheist 'An féidir libh?' Cén freagra a thabharfar?

DOWNLOAD THE APP

Get Started Now: Download the App

Ready to dive into a world of global content with local flavor? Download Daily8 app today from your preferred app store and start exploring.
app-storeplay-store