logo
Cruacheist na hiascaireachta

Cruacheist na hiascaireachta

Irish Times28-05-2025
Foclóir: fostaíocht - employment; tionscal - industry; olltrálaeir - supertrawler; Tríocha bliain - thirty years; cuóta - quote; scuabadh - sweeping; spochadh - teasing; méagram - megrim; Beilgigh - Belgians.
'Tá sé imithe i dtigh diabhail, cuir ar an mbealach sin é. Níl duine ar bith ag dul isteach ann níos mó. Níl aon duine óg ann.'
Sin a dúirt Enda Dirrane, iascaire as Árainn, agus é ag caint faoin gcaoi a bhfuil tionscal na hiascaireachta ar chaith sé a shaol go dtí seo ag obair ann.
Tá luach €1.3bn leis an tionscal in Éirinn. Tá beagnach 2,000 bád iascaigh cláraithe agus cé go bhfuil thart ar 15,500 duine ag obair san earnáil, idir fhostaíocht dhíreach agus indíreach, tá athruithe móra tarlaithe le fiche bliain anuas. Bhuail an Breatimeacht an earnáil go dona agus bíonn na hiascairí de shíor ag streachailt le cuótaí.
READ MORE
Tá Enda ag iascaireacht ón uair a bhí sé ina ghasúr. 'Tríocha bliain is dóigh,' a dúirt sé agus é ag caint le Tuarascáil ó ché Ros an Mhíl an tseachtain seo caite.
'An chéad uair a chuaigh mé amach, bhí mé trí bliana déag, agus tá mé á dhéanamh go lánaimseartha ó bhí mé sé bliana déag, agus tá mé 47 anois.'
San achar sin ní hamháin go bhfuil athruithe as cuimse tagtha ar an saol mór, tá athrú tagtha ar thionscal na hiascaireachta agus ar fhlúirseacht na n-iasc chomh maith, go mór mór amach ó chósta iarthar na tíre.
'Bhí cúpla bád ag m'athair tríd na blianta,' a mhínigh Dirrane.
'Amach as Árainn agus as Ros an Mhíl a bhíodh muid ag iascaireacht an uair sin.
'Timpeall ar chósta na Gaillimhe agus Chontae an Chláir, agus amach ó na hoileáin.
Níl dóthain oideachais ann - ní íosann muid dóthain éisc in Éirinn.

Enda Dirrane
'Ghabhadh tú amach, is dóigh, tríocha nó ceathracha go caoga míle amach ón gcósta - bheadh tú gar don talamh go minic.'
'Dhéanfá iascaireacht ar chuile chineál éisc, meascán de chuile rud a bhí ann.'
B'aimsir rathúil a bhí ann do thionscal na hiascaireachta ar chósta thiar na tíre. An uair sin d'fheicfeá dalladh iasc gar don chósta.
'Níl tada mar sin ann anois, ' a dúirt Dirrane.
'Tá athrú mór millteach tagtha ar rudaí. Amach ar an [uisce] domhain a théann na báid mhóra uilig anois.'
Labhair Tuarascáil le hEnda roimh chraoladh an chéad chláir i sraith nua faisnéise dar teideal Tarrac na Farraige.
Chaith Maggie Breathnach, stiúrthóir agus léiritheoir na sraithe, bliain ag taifeadadh.
'Bhí sé dochreidte bliain a chaitheamh ar bord na mbád agus i dteannta iascairí agus daoine a bhfuil an oiread sin le rá acu,' a dúirt sí.
'Is pobal ana-bheag iad iascairí agus lucht cósta na tíre seo [ach] tá meath mór tagtha ar an iascaireacht le himeacht na mblianta.
'Ní olltrálaeir iad atá ag scuabadh gach rud suas agus ag déanamh brabach nó aon rud mar sin,' a dúirt sí.
Nuair a labhair Tuarascáil le hEnda, bhí sé díreach théis an Foyle Fisher a cheangal i gcé Ros an Mhíl théis dó tamall a chaitheamh amuigh ar an bhfarraige ag iascach cloicheán.
'Gar go 200 míle siar amach ó Ros an Mhíl a bhí mé ag iascach,' a dúirt sé.
'Is bád breá í,' a dúirt sé.
'Ocht dtonna atá sí in ann a thógáil agus timpeall 200 bosca iasc.'
Téann na báid amach 'ar an domhain' le teacht ar éisc, rud a chiallaíonn go gcaitheann an criú tréimhsí fada i bhfad ón mbaile.
'Timpeall coicíse ag an am. Má bhíonn an t-iascach thar cionn, tiocfaidh tú isteach roimhe sin. D'fhéadfá a bheith amuigh ar feadh seachtaine nó ar feadh cúig lá.'
Cé go raibh ról ríthábhachtach ag an iascaireacht i saol phobal Árann san am atá thart, is beag duine anois a shaothraíonn a mbeatha ar an gcaoi seo.
'Níl sé ar nós a bhíodh sé fadó, muintir na háite uilig a bhíodh ann agus bhíodh an-chraic ann - ag spochadh as a chéile. Nuair a thosaigh mise ag iascach, is Gaeilge uilig a bhíodh á labhairt. Gaeilge a bhí ag chuile dhuine beo,' a dúirt Dirrane.
Is le criú Filipíneach atá sé ag saothrú na laethanta seo.
'Cúigear Filipíneach atá ann. Daoine áille, tá muid ag obair le chéile le fada,' a dúirt sé.
'Bíonn iasc againne chuile lá beo agus muid amuigh ar an bhfarraige. Tá an criú thar cionn ag an gcócaireacht.
'Is aoibhinn liom iasc. B'fhearr liom iasc lá ar bith ná feoil. Ní bhuailfidh tú é!'
B'fhéidir go gceapfá go mbeadh iasc ar an mbiachlár níos minicí ar oileán cosúil le hÉirinn, ach tá go leor faoin iasc mar bhia nach dtuigeann an pobal mór.
'Sin í an fhadhb mar a déarfá,' a d'áitigh Dirrane.
'Níl dóthain oideachais ann - ní íosann muid dóthain éisc in Éirinn.'
'Tuigeann na Spáinnigh agus na Portaingéalaigh céard is ceart a dhéanamh le hiasc - is orthu a mhaireann siad.'
Luann Dirrane na méagram [cineál leathóige atá coitianta amach ó chósta na hÉireann] agus 'is go dtí an Spáinn a ghabhfaidh siad, do na gasúir scoile'.
'Ní cheannaíonn duine ar bith anseo iad agus tá siad go hálainn le n-ithe, go hálainn!'
Páipéarachas
Cé go bhfuil clú agus cáil dhomhanda ar bhia mara na hÉireann, tá go leor dúshláin a bhaineann leis an ró-iascaireacht, leis an inmharthanacht agus leis an tionchar leanúnach atá ag an mBreatimeacht ar an earnáil.
In 2022 seoladh Scéim Dheonach Scoir chun tacú le hiascairí a mbáid a dhíchoimisiúnú. An bhliain sin amháin, ghlac úinéirí ar 42 bád le híocaíochtaí tacaíochta chun a n-árthaigh a dhíchoimisiúnú.
Gearrán amháin a chloistear ó iascairí ná go gcaitear an iomarca ama leis an bpáipéarachas.
'Ó a Mhaighdean Bheannaithe, tá sé ar nós a bheith ar ais ar an scoil – tá an oiread sin foirmeacha le líonadh amach,' a dúirt Dirrane.
'Bíonn tú ag seiceáil, seiceáil, seiceáil. Tá an oiread rialacha ag baint leis, a Mhaighdean!
Ach is dócha gurb é riar na gcuótaí éisc an cnámh spairne is mó.
'Chuile bhliain tá muid ag cailliúint cuóta, agus tá chuile bhád eile in ann a rogha rud a dhéanamh agus níl muide.'
'Tá chuile bhád [ó thíortha eile] in uiscí na hÉireann. Na Spáinnigh, Francaigh, Beilgigh, níl a fhios cé mhéad acu atá ann. Tá siad in ann a rogha rud a dhéanamh. Ní théann aon duine in aice leo len iad a sheiceáil nó tada.'
'Níl cothromachas ar bith ann. Is cuma leo fúinn. Tá mé ag ceapadh go bhfuil siad ag iarraidh fáil réidh linn agus sin a cheapann chuile iascaire.'
'Tá fadhb ann leis na cuótaí le blianta agus tá sé ag éirí níos measa chuile bhliain. Díchoimisiúnaíodh na báid cúpla bliain ó shin. Bhíodar ag rá go mbeadh neart cuótaí againn [ina dhiaidh sin], ach ní bhfuair muid é, chaill muid é [agus] chaill muid tuilleadh!'
Ach an molfadh sé do dhaoine slí mhaireachtála a bhaint amach leis?
'Blianta ó shin cinnte, ach anois, breathnaigh, níl a fhios agam an mbeidh mé ann i gceann cúig bliana nó deich mbliana nó an mbeidh na báid ann. Níl sé ag breathnú go maith.
'Briseann sé mo chroí, is bocht é, mar sin a bhfuil a fhios agam, níl a fhios agam tada eile. Agus tá go leor iascairí atá ar an gcaoi chéanna.
'Tá maireachtáil mhaith i gcónaí ann ach tá sé 'tough' mar a dearfá, bíonn tú imithe i gcónaí. Níl aon duine chun é sin a dhéanamh sa lá atá inniu ann.
'An chaoi atá rudaí, tá sé athruithe go mór. Bhíodh an-saol go deo ann, agus dá mbeadh aire tugtha dó, bheadh an-saol ann fós.'
Craolfar an chéad chlár de Tharrac na Farraige Déardaoin 8ú Bealtaine, 7pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.
Orange background

Try Our AI Features

Explore what Daily8 AI can do for you:

Comments

No comments yet...

Related Articles

An íoróin mhilis gharbh
An íoróin mhilis gharbh

Irish Times

time30-06-2025

  • Irish Times

An íoróin mhilis gharbh

An amhlaidh gur chailleas rud éigin? An amhlaidh nár airíos na ceisteanna sa Dáil agus na leithscéalta ó na tráchtairí eolgaiseacha gaoiseacha sin a mhaígh go gcaithfimis an glas triarach, nó an glas faoi thrí a chaitheamh sa bhosca bruscair, toisc, fan leis, go n-imreodh an Rúis nó an tSín urghaire nó veto ar ár gcuid trúpaí ag dul thar lear ar chúraimí na Náisiún Aontaithe? Ní fhéadfaimis ligean don Rúis ná don tSín ceangal a chur ar Óglaigh na hÉireann dul i mbun dualgas síochána thar lear. Chaithfí deireadh a chur leis an ngeallúint sholmanta a tugadh cheana gurbh ann don ghlas triarach ionas go gcaithfí cead na Náisiún Aontaithe a fháil d'fhonn fir agus mná óga na hÉireann a scaoileadh thall thairis ar dhualgas armtha. Agus, n'fheadar an im chodladh a bhíos, ach léigh mé agus d'airigh mé go bhfuil an Tánaiste/an tAire Gnóthaí Eachtracha i mbun feachtais taidhleoireachta le tíortha an domhain a bhfuil cluasa orthu ionas go leanfaí le UNIFIL, is é sin, misean na Náisiún Aontaithe sa Liobáin agus a bhfuilimid páirteach ann leis na blianta. Ní foláir do na Náisiúin Aontaithe an misean a athnuachan gan mhoill nó tiocfaidh deireadh leis agus fillfidh Arm na hÉireann agus saighdiúirí eile síochána abhaile, imeacht a thaitneodh go mór le hIosrael. Is í íoróin mhilis an chúrsa ná nach iad an Ruis mhallaithe, ná an tSín nach dtuigtear, ná an Bhreatain ár gcomharsana, ná an Fhrainc phoblachtach (mar a déarfá) is róbhaol a chuirfidh an bac orainn, ach ár gcairde daonlathacha i Meiriceá. Samhlaigh é sin! Tá na Stáit Aontaithe ag beartú, de réir an Aire agus an Tánaiste, ar urghaire a chur ar ár gcuid trúpaí páirt a ghlacadh i misean de chuid na Náisiún Aontaithe! Abúbúna! Cá bhfuil siad anois, na tráchtairí, na polaiteoirí, na hiriseoirí nach raibh de phort acu ach nár cheart ligean don Rúis ná don tSín stiúir a bheith acu ar ár gcuid gnóthaí eachtracha? READ MORE Ní argóint í sin, gan amhras, ar son deireadh a chur leis an nglas triarach, óir is dóigh leis an gcuid againn atá glan in aghaidh na tóra chun cogaidh agus leis an méadú ar chaiteachas an bháis seachas na beatha, gur cosaint fós é an glas faoi thrí ar chead a chinn nó ar chead a chlaonta a thabhairt do rialtas ar bith ógánaigh a chur amach ag troid ar son comhghuaillíochtaí eile gur beag é ár nguth iontu agus a n-athróidh a ndílseacht de réir is mar a shéideann an ghaoth. Má chuireann na Stáit Aontaithe, nó an Bhreatain, nó an Fhrainc, nó an tSín, nó an Rúis féin cosc orainn, bíodh sin mar atá. Is é sin toil na Náisiún Aontaithe ar aontaíomar leis; creideamh san eagraíocht lochtach sin an dóchas is fearr fós atá againn. Níl san íoróin áirithe sin ach sampla beag oileánda de na híoróna ar fad atá ag gabháil steallaidh orainn faoi láthair. Netanyahu Iosrael ag maíomh go raibh an Iaráin á buamáil aige chun fuascailt a dhéanamh ar mhná na hIaráine a bhfuil leatrom á dhéanamh orthu. Is fíor go bhfuil leatrom gránna á dhéanamh orthu ag réimeas dian míthrócaireach, ach is deacair sin a shlogadh ó cheannaire rialtais atá i mbun áir agus sléachta ar mhná, ar pháistí (agus ar fhir) na Palaistíne go laethúil fad is atá seo á scríobh agus á léamh. Is féidir na híoróna seo ar fad a iomadú go heireaball timpeall sa saol ina mairimid ann ach ó am go chéile caithfear an scáthán a thabhairt amach is na focail a dúradh a shoilsiú suas is anuas lena bhfuil á dhéanamh.

An féidir linn? Braitheann sé…
An féidir linn? Braitheann sé…

Irish Times

time09-06-2025

  • Irish Times

An féidir linn? Braitheann sé…

FOCLÓIR: Óráid – speech; camchuairt – tuar; caipitlíoch – capitalist; loiceadh – failure; flaithiúnas – sovereigny; ligthe i ndísc – drained away; glas triarach – triple lock. Coicís nó mar sin ó shin rinneadh mionchomóradh ar an óráid a rinne Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Barack Obama, agus é ar camchuairt go hÉirinn in 2011. Agus é ina sheasamh os comhair slua lústrach súilghléineach ar Shráid an Dáma, labhair Obama go cumhachtach faoi na ceangail láidre stairiúla atá idir an dá thír. Rinne sé cur síos ar thionchar na nÉireannach ar stair na Stát Aontaithe, 'sínithe Éireannacha atá ar ár gcáipéisí bunaidh, fuil Éireannach a doirteadh ar ár machairí catha, le hallas Éireannach a tógadh ár gcathracha móra.' READ MORE Lena cheart a thabhairt dó, ní raibh caill ar bith air mar óráid. Mar sin féin, níor luadh, ar chúis éicint, an pháirt a bhí ag Éireannaigh i ndíothú na ndúchasach óna gcríocha i Meiriceá Thuaidh (théis an tsaoil, deirtear go ndearna an ginearál Gael-Mheiriceánach Phil Sheridan, a bhí i gceannas ar Arm Stáit Aontaithe Mheiriceá, an ráiteas a thug bunús don mana cáiliúil 'The only good Indian is a dead Indian'). Níor luadh an ciníochas a d'eascair as an gcoilíneachas agus as an gcóras caipitlíoch thall ach an oiread, ach is dócha nárbh é sin an cineál cruinnithe a bhí ann. Chríochnaigh Obama a óráid dheisbhéalach le haistriúchán Gaeilge ar a mhana cáiliúil pearsanta - 'Is féidir linn' – é ag tabhairt le fios nach bhfuil dúshlán ar bith nach féidir a fhreagairt nó a shárú. Bailíonn brobh beart mar a deirtear, agus le cur chuige nó le dearcadh dearfach mar sin, cá bhfios cén feabhas a d'fhéadfaí a chur ar chúrsaí. Ar ndóigh, bhí tuiscint sa tír le tamall maith roimhe sin ar an bpraiseach a rinne na páirtithe móra le linn ré an Tíogair Cheiltigh, ar an drabhlás, an díobhlás, agus an loiceadh tubaisteach a rinneadh ar an bpobal agus a chuir flaithiúnas na tíre ar ceal. Bhí glactha leis nach bhféadfaí na botúin chéanna a dhéanamh in athuair agus mar a thug Obama le fios, d'fhéadfaí athruithe móra a chur i gcrích ach an toil a bheith ann. Ach léim ar aghaidh ceithre bliana déag ón lá ar sheas Obama ar ardán Fhaiche an Choláiste agus pé tobar a líonadh leis an spiorad a bhí san aer an lá sin, tá cuid mhór de ligthe i ndísc ó shin. In ainneoin na ngeallúintí a lean an teip eacnamaíoch agus géarchéim an bhoilscithe tithíochta in 2008, agus in ainneoin an rabhaidh go raibh orainn ár bhfoinsí cánacha a leathnú chun díobháil a sheachaint arís, an féidir a rá gur foghlaimíodh ceacht ar bith? Mórscéil nuachta Ar dhá mhórscéal nuachta le gairid tá an ghéarchéim tithíochta agus an fonn atá ar an Rialtas fáil réidh leis an Glas Triarach. Tá an ghéarchéim tithíochta imithe in olcas, tá an óige fós faoi shrathair an mhargaidh agus ní acmhainn dóibh tithe a cheannach nó díol cíosa a íoc. Is léir go bhfuil drogall ar an Stát tithíocht a thógáil mar a rinne sna blianta a d'imigh thart agus is faoin margadh is mó a fhágtar an dualgas sin anois. Tá an ghéarchéim teangeolaíochta á fadú agus á luathú ag an ngéarchéim tithíochta céanna. Is minic a bhíonn tithe cónaithe á gceannach agus á n-úsáid sna ceantair Ghaeltachta mar thithe saoire nó ag lonnaitheoirí nua a bhfuil an Béarla mar theanga labhartha acu. Má bhreathnaítear ar chás na Breataine Bige, bhí géarchéim den chineál céanna ansin. Cosúil le cás na tíre seo, mhéadaigh líon na dtithe saoire praghsanna na dtithe go mór agus níorbh acmhainn do mhuintir na háite iad a cheannach. Fágadh folamh sa gheimhreadh iad agus líonadh le Béarla sa samhradh iad, rud a chuir an Bhreatnais – Cymraeg – go mór faoi bhrú sna ceantair thuaithe sin, mar a tharlaíonn leis an nGaeilge anseo. Uachtarán Sát Aontaithe Mheiriceá, Barack Obama, i mBaile Átha Cliath. Grianghraph: Eric Luke/The Irish Times Ach dhá bhliain ó shin glacadh cinneadh cead a thabhairt do chomhairlí contae cáin a ghearradh ar úinéirí tithe saoire. Tugadh cead do na húdaráis áitiúla méadú 300 faoin gcéad ar an ngnáthráta cánach a ghearradh agus cuireadh deireadh leis an gcead a bhí ag úinéirí a dtithe a chlárú mar ghnó, rud go dtí sin a lig dóibh cíos ard gearrthéarmach a ghearradh. De réir alt a foilsíodh sa nuachtán The Guardian le déanaí, spréach nuachtáin ar nós an Express agus an Telegraph mar gur thit luach na dtithe saoire de thoradh na cánach. De réir an ailt, d'ardaigh comhairle Gwynedd an cháin ar thithe saoire go 150 faoin gcéad den ghnáthráta i mí Aibreáin 2023 agus de réir mar a thosaigh úinéirí na dtithe saoire á ndíol, faoi dheireadh 2024, bhí praghsanna tar éis titim 12.4 faoin gcéad. Tharla an rud céanna in Sir Penfro, áit ar thit praghsanna na dtithe faoi 8.9 faoin gcéad tar éis don chomhairle áitiúil an cháin a ardú. Is léir mar sin cén freagra a tugadh sa Bhreatain Bheag nuair a cuireadh an cheist, 'An féidir linn rud éicint a dhéanamh faoin ngéarchéim tithíochta agus teangeolaíochta seo'! Ach in Éirinn, seachas 'Is féidir linn' a rá agus réitigh nuálacha ar nós sin, nó ar nós cearta cómhargála do thionóntaí agus do mhorgáisteoirí a fhiosrú, is ar leasú ar chriosanna brú cíosa atáthar ag caint. . Má bhreathnaítear ar chás na Breataine Bige, bhí géarchéim den chineál céanna ansin…ach dhá bhliain ó shin glacadh le cinneadh cead a thabhairt do chomhairlí contae cáin a ghearradh ar úinéirí tithe saoire. An Glas Triarach Tuairiscítear go dteastaíonn ón Rialtas moltaí a chur i gcrích roimh bhriseadh samhraidh na Dála chun an glas triarach a chur ar ceal. Cuireadh an córas i bhfeidhm in 2001 tar éis don phobal vótáil i gcoinne reifreann Nice. Tá sé mar fheidhm aige a chinntiú nach gcuirtear ár gcuid fear agus ban óg sa bhearna bhaoil gan cead an rialtais, cead na Dála agus cead na Náisiún Aontaithe. Tá sé mar aidhm ag an Rialtas anois coscán Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a bhaint as an áireamh. Dar leo siúd atá ar son an athraithe nach bhfuil 'baol dá laghad' ann go ndéanfadh an leasú creimeadh ar bith ar pholasaí neodrachta míleata na tíre. Aithníodh in 2001 nár bheag an bhuairt a bhí ar phobal na tíre seo go ndéanfadh Conradh Nice creimeadh ar neodracht na hÉireann agus go mbeadh ballraíocht in Arm Eorpach mar thoradh críochnúil air. Ach beagnach 25 bliain níos déanaí, nuair a chuirtear an cheist: an féidir linn an glas triarach a chur ar ceal gan reifreann? 'Is féidir linn', a thugtar mar fhreagra. Mar atá feicthe againn i gcás na tithíochta agus i gcás lagú an Bhille um Chríocha faoi Fhorghabháil le gairid, ní léirítear an díogras nó an dúthracht sin i gcónaí. Is minicí a chloistear 'Ní féidir linn' mar fhreagra ar na ceisteanna úd. 'Is tír bheag muid agus níl mórán gur féidir linn a dhéanamh', nó, 'luíonn inniúlacht an pholasaí áirithe sin leis an Eoraip', seachas leis an rialtas atá tofa ag na daoine. Nuair a fhéachann muid go humhal ar thionscadal mór na síochána, mar a tugadh ar an AE tráth dá raibh, tá iarracht mhór mhíleataithe ar bun anois le hairm á dtógáil ar bhonn tionsclaíoch. Agus cogadh ag bagairt san Eoraip, má bhaintear coscán na Náisiún Aontaithe anois, nach bhfuil baol ann go nglacfar céimeanna eile arís i dtreo an mhíleatachais? Anuas ar sin, tá páirtithe antoisceacha na heite deise á múscailt, ag fás, agus ag treisiú lá i ndiaidh lae. Má éiríonn leo dul chun cinn eile a dhéanamh sa Ghearmáin, sa Fhrainc nó sa Pholainn, ní fada go mbeidh móramh acu san Aontas Eorpach. Nuair a bhuailfear an cnag ar dhoras Theach Laighean ansin, agus nuair a chuirfear an cheist 'An féidir libh?' Cén freagra a thabharfar?

Tithe, tithe, tithe
Tithe, tithe, tithe

Irish Times

time02-06-2025

  • Irish Times

Tithe, tithe, tithe

Nuair a bhí staidéar beag éigin á dhéanamh agam ar chanúintí na Gaeilge fuaireas amach go raibh go leor leaganacha den fhocal 'teach' ann. Is é 'tigh' a bhí agamsa óir is i gceann díobh a raibh cónaí orm, agus rud éigin cosúil le 'toigh' sna críocha ó thuaidh a bhí i bhfad uaim. Bhí sin ceart go leor, óir thig le duine trí leagan den fhocal céanna a choimeád sa chloigeann is dúire. Ach b'í an uimhir iolra den fhocal céanna sin 'teach' a chuir mearbhall go brách orm. Níl i gceist agam mearbhall go brách a chur ar an léitheoir chomh luath seo san alt, ach is leor a rá go bhfuil a oiread sin leaganacha den uimhir iolra ag an bhfocal 'teach' sa Ghaeilge is atá réitigh á moladh ar fhadhb na tithíochta. Sin í an fhadhb atá againne, ceist na tithíochta a shimpliú, agus mar sin a réiteach. Sa chás annamh is go mbeadh dhá theach ag mac nó ag iníon de chuid Chonamara is amhlaidh go mbeadh teachannaí acub, nó titheachaí, nó tigheannaí, ní teachachaí, nó teachaíonna, nó tithí, nó tithíochaí, nó tithiúthaí, nó titheabhaí, nó tithiúbhaí, nó tíofachaí, nó tíofaí nó meascán méadaithe díobh, rud a d'fhág nárbh fholáir ceist na dtithe a thabhairt chun caighdeáin, is é sin, í a shimpliú. Sin í an fhadhb atá againne, ceist na tithíochta a shimpliú, agus mar sin a réiteach. READ MORE Agus réiteach simplí atá air nuair is gátarach a dhéanamh. Nuair a bhí formhór an phobail gan léamh ná scríobh ceapadh polasaí réabhlóideach chun deireadh a chur leis an neamhlitreachas. Bunaíodh scoileanna, oileadh múinteoirí, cuireadh d'fhiachaibh ar pháistí beaga an bóthar léanmhar cosnochtaithe a shiúl gach maidin go dtí an clár dubh agus slat na foghlama. Réitíodh an fhadhb. Tá géarchéim is cruachor tithíochta anois againn gan amhras anonn. Ní ghéillim go bhfuil ceart ar theach mar cheart daonna, mar ní ann do chearta daonna mar earra meitifisiciúil a thit anuas ón spéir. Sinne a shocraíonn na cearta daonna. Ach creidim i leas an phobail mar leas gach aon duine. Dá réiteofaí fadhb na tithíochta in Éirinn, réiteofaí go leor d'fhadhbanna na tíre. Dá mbeadh árais chónaithe ar fáil do chách d'fhanfadh an t-aos oibre agus seirbhíse gurb orthu a bhraitheann an chuid eile againn. Bheadh intuigthe go bhféadfaí fanacht sa tír, tá chomh simplí leis sin. Thabharfaí aghaidh ar an aimsir fháistineach le dóchas. Cuirtear Roinn Tithíochta ar bun mar a ceapadh ranna riachtanacha in aon tír shibhialta, agus cuirtear lab mór den mhaoin náisiúnta isteach inti mar a déanadh nuair a mhalartaíomar an solas leictreach ar an gcoinneal agus ar an ngeaitire tráth ar tógadh Ard na Croise. Faoi stiúir na Roinne sin bheadh Comhlacht Tógála Náisiúnta a sholáthródh tithe don phobal. Bheadh na tithe sin ar fáil ar chíos réasúnta fad is a mhairfeadh an tionónta, ach ní bheadh cead an teach a cheannach. Ar an gcuma sin bheadh ann don chéad ghlúin eile nuair a thiocfadh an t-am. Más cumannachas é sin, tá sorry orm, tugtar cumannachas air. Ba chuma, dhéanfadh leas gach n-aon. Ní chuirfí i gcríoch de dhroim oíche é, ach thabharfadh misneach agus dóchas don phobal nuair ba léir go raibh réiteach i ndán agus soláthar rialta d'árais chónaithe ar fáil. Ba ghá gearradh tríd an luifearnach agus an raingléis de mhaorlathas a thachtann aon bheart riachtanach a dhéanamh; déantar amhlaidh i gcónaí nuair a bhíonn mótarbhealach le tógáil nó an leas coiteann i gceist. Thiocfadh oibrithe ó chian is ó chóngar nuair a bheadh an saothar ann dóibh sa tslí chéanna is a thóg Paddies na hÉireann Sasana agus baill eile. Bheadh lánchead tógála i gcónaí ag comhlachtaí príobháideacha dóibh siúd ar mó de shealús agus maoin dóibh a dtithe seachas áit chun cónaithe.

DOWNLOAD THE APP

Get Started Now: Download the App

Ready to dive into a world of global content with local flavor? Download Daily8 app today from your preferred app store and start exploring.
app-storeplay-store